User:Glornangael

From Wikipedia, the free encyclopedia

Glór na nGael[edit]

File:GnanGlógóB&W2.JPG

Tharla go leor ceistiúcháin in Éirinn sna seascaidí maidir le polasaithe éagsúla an stáit, polasaithe eacnamaíochta agus polasaithe teanga san áireamh. Ba thréimhse chorraithe í i stair shóisialta na tíre agus ba léir do Chumann na Sagart(a bunaíodh sa bhliain 1916) go raibh gá le gléas misnithe éigin do phobal na tíre. Thángthas ar choincheap comórtais, idir phobail, i gcur chun cinn na Gaeilge agus bunaíodh an comórtas Glór na nGael. Bunaíodh Glór na nGael faoi chomhéarlamhacht Uachtarán na hÉireann, Éamon de Valera, agus an Chairdinéil John Dalton.

Ó shin i leith, tá Glór na nGael méadaithe as cuimse agus tá an stát ag cabhrú trí dheontas a thabhairt, ar dtús trí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilgeagus ansin trí Bhord (anois Foras) na Gaeilge. Cuireadh struchtúr an Bhoird Stiúrtha ar bun i 1988 agus rinneadh é sin a fhorbairt trí chorprú na heagraíochta sa bhliain 2001 agus úinéireacht roinnte 50/50 idir Cumann na Sagart agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Tá Bord Stiúrtha de chúigear ann anois, le cathaoirleach comhaontaithe.

Is é ioncam na comhlachta ná €617,000. Ag am seolta an phlean straitéisigh dheireanaigh, 2002, bhí duaischiste de €46,000 ann. Ó shin i leith, méadaíodh an ciste go €150,000. Tríd an duaischiste seo, tugtar aitheantas don obair mhaith a dhéantar chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an oileáin seo.

Tá foireann seachtair ag Glór na nGael faoi láthair, foireann a thugann tacaíocht, comhairle agus cabhair do na coistí fud fad na hÉireann. Is comórtas neamhpholaitiúil, neamhsheicteach, cuimsitheach é a chothaíonn íomhá dhearfach i leith na Gaeilge.

An ghníomhaíocht áitiúil trí Ghaeilge is mó aithne i measc an phobail (in Éirinn uile), tugann sé eagraíochtaí agus daoine le chéile i gcoistí áitiúla, gan a bhféiniúlacht ná a gcuid gníomhaíochtaí féin a chur i mbaol. Chruthaigh Glór na nGael comhpháirtíochtaí áitiúla ar leas an phobail i bhfad sula raibh a leithéid coitianta ó thaobh na polaitíochta ná na heacnamaíochta de.

Is í fís Ghlór na nGael ná leathnú agus buanú a dhéanamh ar chumas daoine an Ghaeilge a úsáid i ngach réimse de shaol an phobail. Is ionann próiseas measúnaithe Ghlór na nGael agus creatlach pleanála. Is é an t-aon chóras pleanála i leith teanga é a fheidhmíonn in Éirinn.

Bronnann Glór na nGael breis agus €150,000 de dhuaiseanna ar choistí timpeall na tíre gach bliain. Déantar seo trí chomórtas poiblí a mbíonn páirtnéireacht ó ghrúpaí áitiúla agus cur chun cinn na Gaeilge mar chroílár ann.

Tugtar aitheantas d'iarrachtaí gach pobail sa chomórtas trí cheiliúradh náisiúnta a eagrú in aghaidh na bliana agus lorgaítear poiblíocht sna meáin dóibh dá réir.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoi Ghlór na nGael ar www.glornangael.ie.




An Comórtas Náisiúnta[edit]

Is comórtas náisiúnta é Glór na nGael, ina bhfuil forbairt agus caomhnú theanga agus chultúr na Gaeilge mar spriocanna lárnacha. Is trí mheán chomórtas pobail a dhéantar é seo. Ta duaischiste €150,000 le buachan. Is í aidhm an chomórtais ná aitheantas a thabhairt don choiste a dhéanann an dul chun cinn is fearr i rith na bliana ar son na teanga agus ar son an chultúir. Reáchtáiltear an Comórtas idir mí Eanáir agus mí na Nollag. Déantar an mholtóireacht le linn mhí na Samhna.

Tá gach coiste ina chuid de ghréasán náisiúnta le breis agus 100 grúpa eile ar féidir leo a bheith ag comhoibriú agus ag cothú nascanna leo. Tugann Glór na nGael treoir agus spriocanna cinnte intomhaiste insroichte do choistí ar fud na tíre, mar bhonn lena gcuid oibre go háitiúil.




An Comórtas Domhanda[edit]

Bhí sé mar sprioc i bPlean Straitéiseach Ghlór na nGael 2002–2005 coistí atá ag feidhmiú thar lear a mhealladh isteach sa chomórtas. Cuireadh tús le Comórtas Domhanda Gaeilge Gaelsaoire (www.gaelsaoire.ie), eagraithe ag Glór na nGael i 2005.

Úsáidtear critéir shimplí sodhéanta chun teacht ar an mbuaiteoir, mar seo a leanas:

Is gá don choiste a bheith ag feidhmiú ar feadh dhá bhliain ar a laghad. Plean bliana chun úsáid na Gaeilge a mhéadú i measc bhaill na heagraíochta nó an choiste. Cúrsaí nó ranganna struchtúrtha Gaeilge. Cothú deiseanna labhartha Gaeilge. Scéimeanna nuálaíocha eile i dtreo labhairt nó scríobh na Gaeilge a mhéadú.

Is é seo a leanas an modh moltóireachta a úsáidtear chun teacht ar an mbuaiteoir:

Cuirtear plean Gaeilge bliana ar fáil ag tús na bliana agus déanann moltóirí ainmnithe ag Glór na nGael an buaiteoir a roghnú bunaithe ar an bplean bliana sin agus ar obair na bliana roimhe sin.

Dar ndóigh faigheann na buaiteoirí poiblíocht fhorleathan trí na meáin chumarsáide in Éirinn, ina gcuid nuachtán áitiúil féin agus trí shuíomh Ghréasáin Ghlór na nGael.

Cén fáth comórtas idirnáisiúnta Gaeilge?

Tabharfaidh sé spreagadh agus moladh do na grúpaí thar lear atá ag tabhairt faoi obair fhorbartha na Gaeilge cheana féin.

Sínfidh sé lámh an mhúintearais i dtreo na nGael thar lear agus dearbhóidh sé tábhacht na nGael sin i bpobal na Gaeilge.

Déanfar an Ghaeilge a cheiliúradh ar stáitse domhanda ar bhealach nua.

Meallfaidh sé grúpaí Éireannacha atá ag plé leis an gcultúr Gaelach, ar nós an cheoil agus an damhsa, díriú go sainiúil ar labhairt na Gaeilge.

Spreagfaidh sé daoine agus grúpaí chun tréimhsí saoire cultúrtha a chaitheamh in Éirinn ar bhonn rialta, go háirithe i gceantair Ghaeltachta.




Duaiseanna an Chomórtais Náisiúnta[edit]

Sa sparán i láthair na huaire tá suas le €150,000 ar fáil don chomórtas náisiúnta. Is iad seo a leanas na duaiseanna atá ar fáil do Chomórtas Náisiúnta 2007.

Príomhdhuaiseanna Náisiúnta

Príomhdhuais an chomórtais €40,000

An dara háit sa chomórtas €20,000

Duais Chúige Chonnacht €3,000

Duais Chúige Uladh €3,000

Duais Chúige Mumhan €3,000

Duais Chúige Laighean €3,000


Duaiseanna Rannógacha

Don Ghaeltacht agus don IarGhaeltacht

Leibhéal 1

1ú Duais - €3,000

2ú Duais - €1,500

Leibhéal 2

1ú Duais - €3,000

2ú Duais - €1,500

Leibhéal 3

1ú Duais - €3,000

2ú Duais - €1,500




Duaiseanna speisialta - Comórtas Náisiúnta[edit]

Duais an Fháinne – urraithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge €1,500

Duais Chomhluadair €1,500

Duais Chomhairle Chontae Chiarraí €1,500

Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall €1,500

Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe €1,500

Duais na Comhairle Oidhreachta €1,500

Duais na Comhairle Oidhreachta €1,500

Duais Óige – Urraithe ag Coláiste na bhFiann[1] (scoláireachtaí) €1,200

Duais trasteorainn – urraithe ag Iontaobhas Ultach €1,000

Duais trasteorainn - urraithe ag Iontaobhas Ultach - €1,000

Duais Chló IarChonnachta (luach leabhar) - €1,000

Duais Choimisiún Craolacháin na hÉireann (stáisiún tráchtála) - €700

Duais Choimisiún Craolacháin na hÉireann (stáisiún pobail) - €700

An Iontráil Nua is Fearr - €700

Trófaí an Leinster Leader - urraithe ag an Leinster Leader - €700

Duais na Seirbhísí Poiblí – urraithe ag Gaeleagras na Seirbhísí Poiblí - €700

Duais aitheantais - €700

Duais aitheantais - €700

Duais aitheantais - €700

Duais aitheantais - €700

Trófaí na gComhlachtaí - Trófaí



Duaiseanna an Chomórtais Dhomhanda / “Global Gaeilge”[edit]

Tá suas le €10,000 le caitheamh ar dhuaiseanna an Chomórtais Dhomhanda.

Gael Linn – Dearbhán €100 do gach grúpa a ghlacann páirt i mbliana

Seachtain na Gaeilge – €1,000

Áras Mháirtín Uí Chadhain – Cúrsa Gaeltachta do bheirt agus Lóistín. (Costais taistil go hÉirinn á n-íoc ag Glór na nGael).

Oidhreacht Chorca Dhuibhne – Cúrsa Gaeltachta do bheirt agus Lóistín. (Costais taistil go hÉirinn á n-íoc ag Glór na nGael).

Oideas Gael – Cúrsa Gaeltachta do bheirt agus Lóistín. (Costais taistil go hÉirinn á n-íoc ag Glór na nGael).

Consal na hÉireann, Sidní - €3,500 / au$5,000 – Cúrsa Gaeltachta do ghrúpa ón Astráil amháin.




Gailearaí[edit]